Siobhán Ní Dhuibhir Lyrics

Clannad

Non-album songs

Lyrics to Siobhán Ní Dhuibhir
Siobhán Ní Dhuibhir Video:
D'éirigh mé ar maidin a tharraint
chun aonaigh mhóir
a dhíol is a cheannacht
mar a dhéanadh mo dhaoine romham.
Bhuail tart ar an bhealach mé
is shuigh mise síos a dh'ól
is le Siobhán Ní Dhuibhir
gur ól mise luach na mbróg

A Siobhán Ní Dhuibhir
an miste leat mé bheith tinn?
Mo bhrón is mo mhilleadh
más miste liom tú bheith i gcill.
Bróinte 's muilte bheith
'scileadh ar chúl do chinn
ach cead a bheith in Iorras
go dtara síol Éacha chun cinn

A Siobhán Ní Dhuibhir
is tú bun agus barr mo scéil.
Ar mhná na cruinne
go dtug sise an báire léi
le gile le finne le maise
is le dhá dtrian scéimh
is nach mise an trua Mhuire
bheith ag scaradh amárach léi
Songwriters:
Publisher:
Powered by LyricFind