Seachran Charn Tsiail Lyrics

Clannad

Non-album songs

Lyrics to Seachran Charn Tsiail
Seachran Charn Tsiail Video:
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom,

Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mór

Tharla an ainnir as an taobh aniar dom

Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród.

Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim

Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól,

Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal

Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós.



Bheannaíos féin go preab don mhaighdean

Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór,

D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn

A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród.

D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine,

Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg,

Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh

Ar fhear ag bréagadh cailín óg.



A chúileann fáinneach, má thug mé grá duit

Ná cuir i gcás mé fá bheith gan dóigh,

Agus gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaí bána,

Fíon na Spáinne gheobhair seal le hól.

D'fhiafir sí domhsa an mar siúd ba ghnách liom

Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró.

Is é duirt mé léithi nár chleacht mise 'athrach,

Ach ainnir álainn agus gloine ar bord.



Níl siúd áit ó íochar Fhanad

Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó,

Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach,

Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór,

Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach,

Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair,

Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin

'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid.
Songwriters:
Publisher:
Powered by LyricFind