Lyrics to Lócáistí
Lócáistí Video:
Ná téigh amach anocht

Tá lócaistí sa spéir

'S tá fórsaí an oilc ag oibriú mar a bhíonn



'S an mhallacht a bhí ort tráth..

Ní ghortóidh sé muid níos mó

's sláinte a chéile anseo againn á h-ól



Tá muid beirt ar aon, tá muid beirt ar aon



'S na cloig a d'árdaigh ár gcroíthe

'S muid a' luascadh 'sna rópaí

A shíleamar a chuirfeadh muid chun báis



'S an fonn nár scríobh tú fós

'S na briathra nach bhfuair beocht

Ag bailiú is ag fanacht ar amhrán



Tá mé ag bogadh liom, Ag fágáil slán,

Glacaim'se an milleán

Tá mé ag bogadh liom, Ag fágáil slán,

Glacaim'se an milleán



Ná cáill do mhisneach fós

'Sí ab ansa leat go mór

Agus tiocfaidh an lá go dtuigfidh sí gan stró



Na briathra nach bhfuair beocht

's an ceol nár chum tú fós...

Ní chumfar é 's ní fhanfaidh sé go deo



Tá mé ag bogadh liom,

Ag fágáil slán

'S glacaim'se an milleán

Tá mé ag bogadh liom, ag fágáil slán

Glacaim'se an milleán



Tá mé ag bogadh liom,

Ag fágáil slán

'S glacaim'se an milleán

Tá mé ag bogadh liom, ag fágáil slán

Glacaim'se an milleán
Songwriters:
Publisher:
Powered by LyricFind