Iníon A' Bhaoghailligh Lyrics

Altan

Non-album songs

Lyrics to Iníon A' Bhaoghailligh
Iníon A' Bhaoghailligh Video:
Ó bhí mé oíche taobh istigh Fhéil' Bhride

A' faire thíos ar a Mhullach Mhór

Agus tharlaidh an naoi díom a dtug mé gnaoi dí

Mar bhí sí caoghmhaoil, lách, álainn óg

Sí go cinnte a mhearaigh m'intinn

Agus liach na bhFiann ó, ní leigheasfadh mé

Agus tá mo chroí istigh 'na mhíle píosaí

Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glé'il



A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt

Orú, druid anall liom agus tabhair domh póg

Agus dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom

Nár chuma liomsa a mhíle stór

A mhíle grá tá cách a rá liom

Gur don ghrá ort a gheobhaidh mé bás

Agus níl lá margaidh a mbíodh sna Gearaltaigh

Ná bhfaigheann cúlfathmhuinneach agus mise ag ól



Is fada 'n lá breá ó thug mé grá duit

Agus mé 'mo pháiste bheag óg gan chéill

'S gura leatsa shiúlfainnse cnoic 's gleanntáinn

'S go Baile 'n Teampaill dá mbíodh sé romham

Ach anois ó tá mise curtha cráite

'S gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth

A Rí tá i bParrthgas ó déan domh fárus

I ngleanntáin áilne lena taobh
Songwriters:
Publisher:
Powered by LyricFind