|
|
||
|
Browse :
0-9
A
B
C
D
E
F
G
H
I
J
K
L
M
N
O
P
Q
R
S
T
U
V
W
X
Y
Z
| ALL
|
A Neansaí 'mhíle Grá lyricsClannad
|
Rate this song:
|
|
Artist: Clannad lyrics Title: A Neansaí 'mhíle Grá |
Tweet |
|
Lyrics to A Neansaí 'mhíle Grá :
A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál
Go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort!
Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne.
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,
Is binne liomsa tú ná na téadaí;
'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh
'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé.
Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne.
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaighe
'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin.
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol,
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.
Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
Is aithris di gur buartha atá mé;
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas.
Aithris é dá súil, Aithris é dá cúl,
Aithris é dá méin mhaith chéillí;
Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'.
Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí
Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;
An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,
Is ní aithneofar an aois ar m'éadan.
A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím,
Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne.
An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?
Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais

[ These are A Neansaí 'mhíle Grá Lyrics on http://www.lyricsmania.com/ ]
Last Added Lyrics
I See Red lyricsBhean A Ti lyrics
Bacach Shile Andai lyrics
Autumn Leaves Are Falling lyrics
Atlantic Realm lyrics
Ar A Ghabhail 'n A 'chuain Damh lyrics
Anam lyrics
An Tull lyrics
An Toilean Ur lyrics
An Phaire lyrics
An Mhaighdean Mhara lyrics
An GioBog lyrics
An Gabhar Ban (The White Goat) lyrics
Almost Seems (Too Late To Turn) lyrics
Alasdair Mhic Cholla Ghasda lyrics